Stair

Cuideachta nua de chuid LEADER / Comhpháirtíochta is ea Comhar na nOileán Teo do na hoileáin áitrithe amach ó chósta na hÉireann. Ghlac Comhar na nOileán freagracht ar LEADER/S.S.T. agus na cláir eile ó Chomhdháil Oileáin na hÉireann.

Bunaíodh an Chuideachta nua i 2008/2009 mar chuid den phróiseas chomhtháithithe faoi stiúir na Roinne Gnóthaí Pobail, Tuaithe & Gaeltachta. Bhí sé mar aidhm ag an bpróiseas cur i bhfeidhm na gclár ar fad a éascú don ghnáth dhuine agus cinntiú go bhfuil fáil ar na cláir ar fud na tíre.

Tá struchtúr an Chuideachta agus ballraíocht an Bhoird ag cloí leis na rialacháin ón Roinne Gnóthaí Pobail, Tuaithe & Gaeltachta.

Tá cúram breise ar an gCuideachta chun an Clár Forbartha Pobail Áitiúil (LCDP) a sholáthar do na hoileáin.