Beart Comhionannais do Mhná

Tá Beart Comhionannais do Mhná maoinithe ag Ciste Sóisialta na hEorpa faoin gClár Infheistíochta i gCaipitil Daonna. Nascann a aidhmeanna agus cuspóirí go dlúth le Straitéis Náisiúnta na mBan.

Is é an aidhm atá leis an tionscnamh cur le scileanna agus cáilíochtaí na mban agus ar an dóigh sin cuidiú lena gcuid roghanna agus feabhas a chur ar a n-ullmhacht do mhargadh an tsaothair.

Fuair Comhar na nOileán buiséad de € 30,000 go déanach in 2009 chun go ndéanfaidh siad iniúchadh ar oideachas agus scileanna mhná na n-oileán, chomh maith le hanailís a dhéanamh ar riachtanais oiliúna sa todhchaí.  

Nuair a bhí an obair seo críochnaithe chinn an Roinn iarratas a sholáthar chun raon feidhme na hoibre sin a leathnú amach.

Tá scéal faighte ag Comhar na nOileán gur éirigh le hiarratas a rinneadh chuig an Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta, chun teacht ar airgead breise le himscrúdú a dhéanamh ar neamhionannais i margadh an tsaothair agus ar an mbealach a chuireann sé as do mhná ar na hoileáin amach ón gcósta.

Beidh baill foirne i dteagmháil le heagraíochtaí oileánda amach anseo.

Déanfaidh siad teagmháil freisin le grúpaí ban agus mná aonair sna hoileáin chun an réimse is leithne a chur san áireamh sa staidéar.