Clár Forbartha Áitiúil agus Pobail
Tá Pobal ag riaradh an Clár Forbartha Áitiúil agus Pobail ar son na Roinne Comhshaoil, Pobail agus Rialtas Áitiúil. Tá sé mar chuid den Phlean Forbartha Náisiúnta 2007-2013. Is cónascadh é an Clár seo den Chlár Forbartha Áitiúla um Chuimsiú Sóisialta agus and Clár Forbartha Pobail.
Aidhm
Is é an aidhm atá ag an gClár Forbartha Pobail Áitiúil ná dul i ngleic le bochtaineacht agus eisiamh sóisialta trí rannpháirtíocht agus caidrimh gníomhach idir an Rialtas agus na daoine ins na pobail is mó faoi mí bhuntáiste.
Sprioc ghrúpaí / Réigiúin
Tugann an Clár tús áite do dhaoine agus grúpaí imeallaithe ins na pobail is mó faoi mí bhuntáiste, rud a chiallaíonn go ndíríonn sé orthu siúd is scoite amach ón gcóras oideachais, ó thraenáil agus ó fhostaíocht, agus iad siúd atá i mbaol eisiamh sóisialta. Leanfadh an Clár ag obair leis na sprioc ghrúpaí/réigiúin agus ceisteanna a cuireadh béim orthu faoi na cláir roimhe seo bunaithe ar anailís a aithint agus a léiriú ar bhun áitiúil.
Spriocanna an Chláir
Tá ceithre príomh sprioc atá ag an gclár nua:
- Cur chun cinn feasachta, eolais agus úsáid réimse leathan seirbhísí reachtúla, deonacha agus pobail
- Rochtain ar oideachas foirmeálta agus neamhfhoirmeálta agus ar acmhainní agus ar ghníomhaíochtaí áineasa agus cultúrtha a mhéadú
- Méadú ar ullmhacht daoine chun oibre agus a gcuid ionchas fostaíochta
- Rannpháirtíocht ghníomhach i bpróisis déanta cinntí, cleachtais agus polasaí, ar ábhair a bhaineann le pobail áitiúla, a chur chun cinn
