Clár Forbartha Tuaithe 2007 - 2013
Tá spriocanna an chláir dírithe ar dhaonra na n-oileán a chothú, gníomhaíochtaí eacnamaíochta a spreagadh agus teanga, cultúr agus oidhreacht na n-oileán a chur chun cinn.
Tá sé mar aidhm lárnach dár gclár tacaíocht a thabhairt d'oileánaigh chun dul i ngleic leis na hathruithe sa gheilleagar agus sna deiseanna atá ar fáil dóibh , agus daonra na n-oileán a chothú trí thacaíocht a thabhairt do ghníomhaíocht gheilleagrach.
Tá deontais ar fáil faoi na rannóga thíos:
- Éagsúlú chuig Gníomhaíochtaí Neamhthalmhaíocht
- Cruthú agus Forbairt ar Mhionfhiontar
- Gníomhaíochtaí Turasóireachta a Spreagadh
- Seirbhísí Bunúsacha don Gheilleagar agus do Phobal na Tuaithe
- Feabhsú & Forbairt ar Shráidbhailte
- Cothú agus Uasghrádú ar Oidhreacht Tuaithe
- Oiliúint & Fáisnéis
- Cur i bhFeidhm Tionscadail Chomhoibrithe
- D’fhéadfadh go mbeadh tacaíocht deontais i gcabhair le haghaidh Anailíse agus Forbartha ar fáil maidir le gach beart ach amháin le haghaidh na mbeart, Oiliúint agus Faisnéis.
Má tá togra ar intinn agat a mbeadh suim agat é a fhorbairt ba cheart duit teagmháil a dhéanmah le duine denár nOifigigh Forbartha a bheidh sásta an togra a phlé leat agus dul tríd an bpróiseas iarratais leat.
Deontais Leader ceadaithe go dáta ag Comhar na nOileán:
Éagsúlú chuig Gníomhaíochtaí Neamhthalmhaíocht
Mícheál Ó Flátharta, Inis Oírr
€6,868.28 i gcomhair Siopa Ceardaíochta & Caife Feirme. Cuireadh an trealamh seo ar fáil chun íoc as trealamh a bhí riachtanach chun an Caife a chríochnú amach.
Cruthú agus Forbairt ar Mhionfhiontar
Pat Quinn-Inis Oírr
Fuair Pat deontas €580 chun 10 n-amhrán nuachumtha a thaifeadadh ar dhlúthdhiosca agus 1,000 cóip a dhéanamh don mhargadh turasóireachta.
Jim Cox
Fuair an tionscnóir seo € 22,500 chun Staidéar Féidearthachta ar fhorbairt fhiontair turasóireachta mór ar Oileán Chliara a chur i gcrích.
Lawrence Cove Ferries
Íocadhdeontas €79,500 le Lawrence Cove Ferries chun crann tógála a uasghrádú ar an mbád
Gerard Sullivan, Bád Chlós Oileán Bhéara
Tugadh deontas €3,490.00 do Gerard Sullivan, Bád Chlós Oileán Bhéara le fearas & aonad aisghabhála a cheannacht chun fáil réidh le hábhar dramhaíola go sábháilte. De bhrí gur b’é nádúr an ghnó a bheith ag déanamh athchóiriú ar bháid, bíonn go leor ábhar tuaslagóra as péint agus ábhar eile ar gá fáil réidh leis ar bhealach sábháilte. Faoí láthair stóráiltear an t-ábhar i ndrumaí agus tugtar as sin é go dtí an mórthír 4 h-uaire sa mbliain áit a bhfuil comhlacht ábalta é a thógáil agus é a phróiseáil. Leis an gcóras atá beartaithe beidh Bás Clós Oileán Bhéarra ábalta an obair seo a dhéanamh ar an láthair. Tar éis próiseála, ní bheidh ach 5% den ábhar dramhaíola le dul chuig an mhór thír mar gur féidir an chuid eile de a úsáid mar thanaítheoirí péint. Níos tábhachtaí fós, laghdófar an lorg carbóin agus an chontúirt a bhaineann lena bheidh ag iompar ábhar dramhaíola mar seo.
Seán Harrington
Íocadh deontas de €14,050.00 le Sean Harrington le craein a shuiteáil ar a bhád tuga.
Majella McMullan, Oileán Árann Mhóir
Tugadh deontas de €4,987.50, do Majella Mc Mullan le staidéar féidearthachta a dhéanamh ar bhunú Ionad Teiripe Iomlánaíoch, Teach an Chiúnais, ar Oileán Árainn Mhór, Dún na nGall.
Eoghan Póil, Inis Oírr
€3,081.82 chun mionfhiontar siúlóid treoraithe a thionscnamh in Inis Oírr agus chun suíomh idirlín agus ábhar margaíochta a fhorbairt.
Bríd Ní Chualáin, Inis Oírr
€2,658.95 chun mionfhiontar Cleasaíocht- Gaeilge le Spraoi a thionscnamh in Inis Oírr, agus chun suíomh idirlín agus ábhar margaíochta a fhobairt do ranganna Gaeilge gníomhaíochtaí bunaithe.
LorraineMcClean, Inishbofin
Fuair Lorraine McClean cabhair deontais de €3,477.64 do mionfhiontar Ceirdeanna agus Potaireachta agus traenáil ar Inis Bó Finne.
Gníomhaíochtaí Turasóireachta a Spreagadh
Comharchumann Chléire Teo
Fuair an Comharchumann €1,974.00 cúnamh deontais chun ceardlann traenála praiticiúil in eagrú turais siúlóide a reachtáil.
Ruairí & Marie-Therese de Blacam, Bialann & Seomraí Só Inis Meáin
Fuair an togra cúnamh deontais de € 22,920 chun uasghrádú agus athchóiriú a dhéanamh ar na seomraí mar chuid de phlean fadtéarmach chun an gnó a fhorbairt.
Comharchumann Oileán Árainn Mhór
Íocadh deontas de €1,799.99 don Chomharchumann chun cloch eibhear a chuir in airde le ainm an Oileáin air ar an gCéibh, agus chun mapa agus leabhrán a fhoilsiú le sonraí logainmneacha agus áiteacha suimiúla ar an Oileán.
Comharchumann Thoraí
Fuair Comharchumann Thoraí cabhair deontais de €3,666.00 chun leabhrán eolais turasóireachta a fhoilsiú.
Murray Grant
Fuair Murray Grant deontas de €1,025.00 le turas lae eachtraíochta a eagrú ó Óstáin i gCathair na Mart go hInis Bó Finne. D’úsáid sé an deontas le haghaidh fógraíocht ar an mionbhus, comharthaíocht, foilsiú 20,000 bróisiúr agus réiteach an suíomh idirlín.
Comharchumann Oileán Árainn Mhór
Fuair Comharchumann Oileán Árainn Mhór cúnamh deontais freisin de €2,700.00 le físeán a dhéanamh faoi Oileán Árainn Mhór agus na rudaí atá ar fáil ann. Beidh an bhéim ar an mbaile saoire agus ar na seirbhísí atá ar fáil ann. Gníomhaíochtaí áitiúla ar nós iascaireacht, turais báid, camchuairt ar oileáin eile, tumadóireacht scuba, snámh, fairtheoireacht éan, siúlóidí, galf dhá mhaide, páirc spraoi do pháistí a bheadh sa scannán chomh maith leis an tírdhreach álainn agus áiteanna áitiúla mar an teach solais, lochanna, tránna, cuimhneachán Beaver Island agus go leor eile. Ritheann Coláiste Árainn Mhóir gach bliain agus beidh sé seo sa scannán chun an Ghaeilge a spreagadh.
Comhar Caomhán Teo
Fuair Comhar Caomhán Teo íocaíocht de €19,840.31 le uasghrádú a dhéanamh ar leithris poiblí an ionad campála agus iad a réiteach le bheith feiliúnach do dhaoine faoi mhíchumas, agus le painéil ghrianda, sorn comhdhlúthadáin, aláram tine, fuinneoga, doirse agus leithris nua a shuiteáil.
Seomraí Só Inis Meáin
Fuair Seomraí Só Inis Meáin cabhair deontas de €10,938.57 le moltaí a rinne comhairleoir Michelin a chur i bhfeidhm, is é sin córas nua a shuiteáil in ionad fean eastarraingthe a bhí ag déanamh go leor torainn, cuid de na tionlacain bia a athrú agus réimse fearais agus seirbhísí eile a chuir ar fáil chun feabhas a chur ar sheachadadh seirbhísí do chustaiméirí. Ní mór béim a bheith ar chaighdeán ard, dearadh, agus stíl chun cloí le caighdeán seirbhíse a gcuid iomaitheoirí. Chun é seo a bhaint amach fuair siad rothair de chaighdeán ard, málaí picnic, déshúiligh do na seomraí só. Tá siad ag cur córas i bhfeidhm freisin ionas go beidh siad ábalta seirbhís seomraí a chur ar fáil do gach seomra só. Chun gearradh siar ar an méid ama a bheadh custaiméirí ag fanacht ar na seomraí fuair siad innill níochána/triomadóirí ardluais.
Tim O’Leary
€1,170.75 a fuair Tim O’Leary, a chuireann an seirbhís farantóireachta go Oileán Faoide ar fáil. Bhunaigh sé gnó rothair ar cíos ar an oileán le ocht gcinn de rothair. Tá mapa simplí déanta aige den oileán freisin.
Cleas Teo
€1,012.95 chun tacaíocht teicniúil a fháil do Rás Cladaigh Eachtraíochta agus Rás Bóthair 10K ar Inis Oírr.
Kathleen Barnes
€485.08 chun cuidiú léi íoc as costais priontála chun bun obair ealaíona a aistriú go priontaí agus cártaí.
Comharchumann Oileán Árainn Mhór Teo
€15,493.69 d’forbairt ar áiseanna cistine na Cultúrlainne. I measc na n-áiseanna/seirbhísí atá curtha ar fáil sa chultúrlann cheana tá: Ionad Seirbhísí Teanga, Cúrsaí Gaeilge, Áiseanna Cruinnithe & Ranga, Seirbhís Fótachóipeála/facs, Ríomhlann, Ionad Eolais do Chuairteoirí, Siopa Ealáine/Ceardaíochta/Leabhar, Caifé Idirlín, taispeántais stairiúla, sólaistí/bia áitiúil. Chuidigh an maoiniú seo le huasgradú an cistine.
Comharchumann Thoraí Teo
Fuair an Comharchumann cabhair deontais de €3,750.00 chun físeán fógraíochta d’Oileána chur le chéile.
Comhlacht Forbartha Inis Bó Finne
Fuair an Comhlacht cabhair deontais de €352.83 do dhéantús agus costas dearadh aonaid taispeána a chabhróidh le cur chun cinn agus margaíocht Inis Bó Finne.
Seirbhísí Bunúsacha don Gheilleagar agus do Phobal na Tuaithe
Inishturk Community Club
Fuair an grúpa deontas € 20,160 chun uasghrádú a dhéanamh ar áiseanna san Ionad Pobail.
Comharchumann Oileán Árainn Mhór
Tugadh cúnamh deontais de €6,773.70 don Chomharchumann chun ceann de na seomraí san ionad cultúrtha a fheistiú le trealamh oifige chomh maith le meaisíní fuála a chur ar fáil chun cur ar a gcumas cúrsaí oideachais do dhaoine fásta a reachtáil.
Comhar Caomhán Teo
Íocadh deontas de €17,808.75 le Comhar Caomhán chun nuachóiriú a dhéanamh ar fhearas sheachadadh breosla ar Oileán Inis Oírr.
Comhar Caomhán Teo
Íocadh deontas de €17,808.75 le Comhar Caomhán chun nuachóiriú a dhéanamh ar fhearas sheachadadh breosla ar an Oileán Inis Oírr.
Fuair Comhar na nOileán
€26,626.05 chun staidéar féidearthachta a dhéanamh ar sholáthar áiseanna físchomhdhála do na hoileáin.
Comharchumann Oileán Árainn Mhór
Fuair an Comharchumann €1,236.57 le dífhibrileoir a chuir san otharcharr ar Árainn Mhóir.
Comharchumann Forbartha Árann
Fuair an Comharchumann €1,792.50 do shuíomh idirlín le eolas a bheith ar fáil do mhuintir an oileáin chomh maith le heagraíochtaí eile faoi réimhse leathan oibre an Chomharchumainn agus faoi Oileán Árainn go ginearálta
Áras Éanna, Inis Oírr
€4,903.16 a fuair Áras Éanna, Inis Oírr le treallamh físe agus fuaime a fháil don amharclann.
Comharchumann Forbartha & Fostaíochta Árainn Mhór
€18,898.99 chun an Spórtlann a uásghradú. Ba trealamh baile a bhí sa trealamh a bhí á úsáid acu. Chuir an maoiniú seo ar a gcumas trealamh de ghrád tráchtála a fháil a sheasfadh níos faide.
Bere Island Project Group
€1,674.33 chun dífhibrileoir a chur ar fáil don phobal.
SherkinIslandDevelopment Society
Fuair an grúpa deontas de €7,126.00 i gcomhair foilsiú ‘The West Cork Islands’ Strategy’.
Feabhsú & Forbairt ar Shráidbhailte
Comharchumann Forbartha Árann
Fuair an Comharchumann €172,618.80 do pháirc spraoi agus ionad caitheamh aimsire. Tá áit do pháistí faoi sé bliana ann agus áit do pháistí ó sé go dtí dó dhéag agus áit do pháistí níos sine ann; tá áiteanna réitithe le picnic agus cosáin rothaíochta chomh maith le cúrsaí éagsula.
Comhar Caomhán Teo
Fuair Comhar Caomhán Teo dentas de €96,972.37, íocaíocht faighte i gcéimeanna, le Páirc Uile Aimsire 5 an taobh a thógáil in aice le páirc peile Inis Oírr. Tá an pháirc féin (dromchla árdchaighdeánach- Teastas Dhá Réalt FIFA), sconsa agus tuilsoilse i gceist sa bhforbairt. Is féidir an pháirc a úsáid in aimsir ar bith.
Beara Tourism Development Ltd
Fuair an grúpa deontas de €17,241.96 i gcomhair uasghrádú Siúlóidí Bhéara ar an tOileán Mhór agus Oileán Dursey.
Caomhnú agus uasghrádú oidhreacht na tuaithe
Bere Island Tourism & Enviornment Group
Fuair an grúpa seo deontas €6,944,75 chun brúiteoir gloine agus stialltóir páipéir a cheannach don ionad bainistiú bruscar.
Inisbofin Development Company
Fuair an grúpa seo deontas €8,128.47 chun trealamh le léiriú scannáin a cheannach.
Inisbofin Development Company
Fuair siad deontas €1,901.25 chun cnuasach scríbhneoireachta a fhoilsiú.
Mná Fiontracha—Inis Mór
Fuair an grúpa deontas de €3,031.24 chun trealamh a cheannacht do bhunú cartlann ar an Oileán chun deis a thabhairt do Oileánaigh agus cuairteoirí araon theacht ar ábhar atá bailithe thar an blianta.
Comhar Caomhán/Mná le Chéile
Íocadh deontas €13,351.52 leis an ngrúpa seo le gléas cuilteála lámh fhada a cheannach.
Comharchumann Forbartha Árann
Fuair an comharchumann deontas de €3,238.12 chun uasghrádú a dhéanamh ar na comharthaí ‘fir bhuí’ ar bhealaí siúlóide.
Comharchumann Oileán Árainn Mhór
Íocadh deontas de €1,200 chun cuidiú le painéil a cheannach chun taispeántas ar stair, bláthanna agus ainmhithe an oileáin a chur ar fáil.
Comharchumann na nOileán Bheaga
Fuair an Comharchumann cabhair deontais de €2,467.50 le leabhrán eolais a chur le chéile agus le huasghrádú a dhéanamh ar an suíomh idirlín.
Comharchumann Chléire
Fuair Comharchumann Chléire €5,707.50 chun leabhar grianghrafadóireachta ó Oileán Chléire chomh maith le píosaí próis le Chuck Kruger a dhéanann cur síos ar an saol ar an oileán le 20 bliain anuas, a fhoilsiú. Tá leath den leabhar bunaithe ar phíosaí scríbhneoireachta a craoladh ar RTÉ ar an gclár ‘Sunday Miscellany’ inar craoladh breis agus 60 píosa próis le Chuck Kruger. Is iad an Comharchumann a bhéas i mbun díolachán an leabhair. Beidh an brabús ag dul chuig siopa an phobail ar an oileán. Beidh an leabhar seo mar thuras amhairc ar an oileán agus tabharfar léargas uathúil agus ealaíonta ar Oileán Chléire. De réir an údair, ní leabhar é seo le breathnú thríd ach obair ealaíona bunaithe ar an ealaíon béil agus grianghrafadóireachta a thabharfadh an t-oileán chun beochta.
Mná Fiontracha
€1,367.54 chun trealamh nua a cheannach don Chartlann Béaloidis ar Inis Mór. Tá na Mná Fiontracha ag tabhairt faoi logainmneacha ar an Oileán a bhailiú, á mapáil do chóras GPS a bheidh oiriúnach le n-úsáid le haghaidh Google Earth. Tá siad ag tabhairt faoi reiligí an oileáin a mhapáil ionas gur féidir teacht orthu ar Google Earth. Tá siad ag bailiú grianghraif, agallaimh agus amhráin freisin ionas go mbeidh traidisiúin an Oileáin caomhnaithe don phobal. Ceannaíodh na píosaí trealamh seo a leanas: scanóir, ceamara, gléas taifeadta agus píosa eile trealaimh ar féidir leis teipeanna agus físeanna a aistriú chuig an ríomhaire, agus uasteilgeoir.
Féile Ealaíne Earagail
€16,277.06 chun cartlann closamhairc a fhorbairt faoi oileáin Dhún na nGall. Clúdóidh an cartlann closamhairc míreanna raidió agus teilifíse, ábhar priontáilte agus scannánaíochta, chomh maith le taifid pobail a bhaineann le hoileáin mhara Dhún na nGall. Ní raibh fáil ar an ábhar seo go dtí seo in aon ionad amháin agus bhí ar dhaoine a chuirfeadh suim ann an t-ábhar a aimsiú iad féin. Cuirtear ar fáil anois é i mbothanna idirghníomhacha i leabharlanna ar na hoileáin, chomh maith le háiteanna eile cuí ar an mórthír, ionaid poiblí de chuid na Comhairle Contae, músaeim agus in oifigí cartlann na Comhairle.
Áras Éanna
€17,454 chun tograí cultúir a fhorbairt agus anailís a dhéanamh ar an éileamh a bheadh ann dá leithéid trí thaispeántas éide thraidisiúnta an oileáin agus seó samhraidh bunaithe ar scéal an oileáin a léiriú, trí dhrámaíocht, ceol, amhrán agus damhsa.
Comharchumann Oileán Árainn Mhór
Fuair Comharchumann Oileán Árainn Mhór €8,750.90 le lomaire féir a cheannach chun na ceantair poiblí agus fóntais bhaile ar an oileán a chothabháil.
Dr. Deirdre Ní Chonghaile
Fuair Deirdre cabhair deontais de €2,587.98 chun trealamh nua taifeadaí fuaime agus craoladh do anailisiú, bailiú, cartlannú, fograíocht, agus craoladh Stair Ceoil agus Amhráin na hOileáin Árann.
Oiliúint & Fáisnéis
Áras Éanna—Inis Oírr
Fuair Áras Éanna deontas €9,175 chun ceardlanna ceol a reáchtáil do mhuintir an oileáin.
Mná Fiontracha—Inis Mór
Fuair an grúpa deontas €3,031.24 chun trealamh a cheannach le cartlann a bhunú chomh maith le €2,510 chun traenáil ríomhaireachta a fháil le cuidiú leo.
Comhar Caomhán/Mná le Chéile
Fuair Comhar Caomhán deontas € 12,000 chun cúrsa insliú tithe a reáchtáil.
Comharchumann Forbartha Árann – Inis Mór
Fuair an comharchumann deontas €7,200 chun cúrsa traenála i 360 Excavator a reachtáil.
Comharchumann Forbartha Árann – Inis Mór
Fuair siad €7,500 freisin chun cúrsa garchabhair a chur ar fáil don phobal.
Murphy’s Ferry Services
Fuair an chuideachta seo deontas €1,350 chun cúrsa traenála i dteastas rangú V a chur ar fáil don chriú.
Comharchumann Forbartha & Fostaíochta Árainn Mhóir
Íocadh deontas € 1,360 leis an ngrúpa seo chun traenáil i gcothú úllord a reachtáil.
Comharchumann Thoraí Teo
Fuair an comharchumann cabhair deontais de €5,370 le haghaidh an chéad chéim de cheardlanna oiliúna Ceardaíochta.
Comharchumann Forbartha Árann
Tugadh deontas de € 7,203.37 chun seomra oiliúna i dTeicneolaíocht Faisnéise a fheistiú le húsáid in oiliúint pobail.
Comharchumann Forbartha Árann
Fuair siad cabhair deontas de € 8,390 chun an chéad chuid de Chúrsa Oiliúna Yachtmaster a chur i gcrích.
BereIslandProjects Groups
Fuair an grúpa cúnamh de € 3,500 le haghaidh cúrsa oiliúna FETAC i bPróisis Innealtóireacht Mhuirí agus Sábháilteacht ar Fharraige.
Comhar Caomhán Teo
Íocadh deontas de €3,600 le Comhar Caomhán chun cúrsa i ngarchabhair ag an obair a reáchtáil, agus bronnadh teastas FETAC leibhéal 5 ar na rannpháirtithe.
Grúpa Turasóireacht Chliara
Íocadh deontas € 1,350 do chúrsa cócaireachta le haghaidh daoine atá páirteach i dtionscal na turasóireachta.
Inishturk Community Council
Fuair an grúpa seo cúnamh deontas de € 7,608 chun cúrsaí oiliúna pobail a reáchtáil.
Grúpa Capaillíní Oileán Chliara
Íocadh deontas de € 3,250 leis an ngrúpa chun cúrsa Crúdóra & Láimhseáil Capaill a chur ar fáil.
Féile Soilse Thoraigh
Fuair an grúpa seo €2,333 chun ceardlanna ceoil a eagrú d’óige an oileáin.
Comharchumann na nOileán Bheaga
Fuair an Comharchumann cabhair deontais €1,125.00 le sraith cúrsaí a chur ar fáil don phobal ar na hOileáin Bheaga - cúrsaí ealaíon agus peinteáil le ola, grianghrafadóireacht agus ceardaíocht.
Comharchumann Thoraí Teo
Tugadh deontas de €3,050.00 do Comharchumann Thoraí Teo. Seo an dara mír den traenáil ceardaíochta “Lámha Thoraí”. Sa mhír seo bhí cúrsa ar conas bábóga agus málaí paistí a dhéanamh, agus conas gallúnach a dhéanamh as feamainn.
Comharchumann Forbartha Árann, Inis Mór
Fuair an Comharchumann deontas de €3,545 le cúrsa sábháilteachta ar an bhfarraige agus cúrsa raidió a dhéanamh.
Comharchumann Forbartha Árann, Inis Mór
Fuair an Comharchumann deontas de €23,880.00 do chúrsa máistreachta luaimh eischósta. Bhí an chéad chuid den chúrsa déanta ag na rannpháirtithe cheana féin agus seo é an traenáil praiticiúil ar muir.
Inis Toirc
Tugadh deontas de €1,690.00 le traenáil cócaireachta a chur ar fáil do sholáthraí turasóireachta ar Inis Toirc.
Comharchumann Oileán Árainn Mhóir
Fuair Comharchumann Oileán Árainn Mhór €1,680.00 do ranganna cócaireachta le Frank Moynihan, do dhaoine atá ag obair i dtionscadal an bhia, a chuirfidh le turasóireacht a chur chun cinn ar an oileán.
Comharchumann Thoraí
Fuair Comharchumann Thoraí €1,760.00 do ranganna cócaireachta le Frank Moynihan, do dhaoine atá ag obair i dtionscadal an bhia, a chuirfidh le turasóireacht a chur chun cinn ar an oileán. Cuirfear feabhas ar scileanna cócaireachta, agus beidh rannpháirtithe ábalta biachláir de chaighdeán ard a chur ar fáil. Taispeánfaidh na ranganna cócaireachta na bealaí is fearr chun táirgí áitiúla a úsáid, rud a chuirfidh iascaireacht agus feirmeoireacht áitiúil chun cinn agus a d’fhéadfadh fostaíocht a chruthú.
Cleas Teo, Inis Oírr
Fuair Cleas Teo cabhair deontais de €500.00 do thraenáil agus riaradh Rás Cladaigh Eachtraíochta agus Rás Bóthair 10K ar Inis Oírr.
Comharchumann Forbartha agus Fostaíochta Árainn Mhóir
Fuair an grúpa deontais de €11,865.00 chun cúrsa traenála in máistreacht luaimh eischósta a reachtáil.
Inishbofin Development Company
Fuair an grúpa deontais de €2,987.45 do thogra traenála le cursaí mar seo san áireamh: Cúrsaí dair phortaigh, feiltbhrat, haitéara; Cúrsa Treorach Seandálaíochta.
Cur i bhFeidhm Tionscadail Chomhoibrithe
Comhar na nOileán Teo
Fuair Comhar na nOileán Teo íocaíocht de €27,802.02 don togra le fuinneamh inathnuaite agus úsáid fuinnimh i mbealach inmharthanacht in oileáin beaga. Is comhpháirtíocht atá ann idir na grúpaí ar a bhfuil freagracht na n-oileán beag sa Danmhairg agus sa tír seo. Chuaigh siad ar thuras chuig Samsö, oileán sa Danmhairg atá neamhthuilleameacht i bhfuinneamh. Sa tír seo chuaigh siad ar thuras go Gaillimh agus Inis Oírr, agus d’fhreastal siad ar seimineár le Fuinneamh Inmharthana Éireann.
