Scéim Sóisialta Tuaithe
Cuireann Comhar na nOileán Teoranta an Scéim Sóisialta Tuaithe i bhfeidhm ar na hoileáin le comh oibriú ó na Comharchumainn agus ó na Coistí Forbartha.
Tá sé mar aidhm ag an scéim tacaíocht ioncaim a thabhairt d’fheirmeoirí agus d’iascairí atá ag fáil íocaíochtaí Leasa Shóisialaigh.
I measc na hoibre a dhéanann rannpháirtithe tá feabhsú agus cothabháil na timpeallachta, scéimeanna bainistíocht bruscar, cúram do dhaoine scothaosta agus tograí eile pobal.
Oibríonn rannpháirtithe 19.5 uair in aghaidh na seachtaine agus iad bunaithe ar sceideal feiliúnach d’fheirmeoir/d’iascaire.
Ní mór do dhaoine atá suim acu páirt a ghlacadh sa scéim teagmháil a dhéanamh leis an eagraíocht ar an oileán nó le foireann Chomhar na nOileán chun cinntiú go bhfuil siad incháilithe don scéim.
