An Scéim Siúlóide
Sheol Éamon Ó Cuív, T.D., an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe & Gaeltachta, An Scéim Siúlóidí ar an 4ú Márta 2008. Tá an scéim dírithe ar fheirmeoirí/úinéirí talún príobháideacha agus ar shealbhóirí/úsáideoirí talún agus tá obair forbartha, feabhsaithe agus chothabhála ar na Slite Náisiúnta Slímharcáilte agus ar na siúlóidí tosaíochta i gceist léi.
Scéim náisiúnta í atá oscailte do na sealbhóirí go léir a bhfuil talamh acu ar na Slite Náisiúnta Slímharcáilte, ar na Bealaí Siúlóide Lúibe agus ar na Bealaí Oidhreachta chomh maith le cosáin eile atá ceadaithe ag Oifig na gCosán Náisiúnta. Feidhmeoidh an scéim ar shlite a mbeidh comhaontú faighte i leith fhad iomlán na siúlóide agus sa chás sin amháin agus ní chuirfear an scéim i bhfeidhm ar chuid de shiúlóid.
Tá maoiniú ceadaithe do pháirt na noileán den 'Beara Way' faoin Scéim Siúlóidí. Cuirtear airgead ar fáil do na rannpháirtithe chun forbairt, feabhas agus cothabháil a dhéanamh ar na bealaí siúlóidí.
