Comhlacht Leader
Tá Comhdháil páirteach in obair forbartha thábhachtach ag leibhéal áitiúil, réigiúnach, náisiúnta agus trasnáisiúnta trí chláir éagsúla a dhéanaimid a riar.
CNFT
Bainistíonn agus riaraíonn Comhdháil an Clár Náisiúnta Forbartha Tuaithe (CNFT) do na hoileáin. Is éard atá sa chlár seo go bunúsach ná bealach maoinithe nuair a bhíonn gach rogha eile ídithe faoinar féidir tacaíocht a thabhairt do thionscadail agus do thionscnaimh nach gcáilíonn do mhaoiniú ó ghníomhaireachtaí stáit. Tugtar maoiniú faoi na ceannteidil seo a leanas:
- Oiliúint
- Anailís agus Forbairt
- Fiontair nuálacha tuaithe, fiontair cheardaíochta agus seirbhísí/saoráidí áitiúla
- Saothrú táirgí talmhaíochta, foraoiseachta agus iascaigh
- Feabhas ar an timpeallacht nádúrtha/tógtha/sóisialta/cultúrtha
- Tionscnaimh atá báúil don chomhshaol
- Obair fhorbartha agus méadú acmhainne
- Turasóireacht Tuaithe/Talmhaíochta
Má tá aon smaointe agat do thionscadal agus gur mhaith leat iad a phlé, déan teagmháil lenár nOifigigh Tionscadail:
Na hOileáin Ghaeltachta: Séamus Ó Cnáimhsí seamus@oileain.ie
Na hOileáin nach Oileáin Ghaeltachta iad: Mary Lavelle mary@oileain.ie
Liosta de na deontais is deireanaí a íocadh (pdf | 120kb)
Critéir i gcomhair maonithe (pdf | 92kb)
Scéim Sóisialta Tuaithe
Riarann Comhdháil freisin an Scéim Sóisialta Tuaithe (SST) do na hoileáin. Tá 17 fostaithe ag Comhdháil faoi láthair faoin scéim seo, atá dírithe ar thacaíocht a thabhairt d’fheirmeoirí agus do dhaoine atá páirteach in iascach, nó a dteaghlaigh, a shásaíonn na critéir incháilitheachta.
critéir incháilitheachta (pdf | 85kb)
Chun eolas ginearálta a fháil ar na cláir a riaraimid, déan teagmháil le
Mairéad O’Reilly
Bainisteoir na gClár mairead@oileain.ie 099 75096



