Stair
Sa bhliain 1984 bhunaigh sé oileán déag Comhdháil na nOileán. Ba é an aidhm a bhí acu ná aird a tharraingt ar na deacrachtaí a bhí ag muintir na n-oileán chomh fada agus a bhaineann le forbairt shocheacnamaíochta, fadhbanna a mheas siad nach rabhthas ag dul i ngleic leo ag leibhéal réigiúnach ná náisiúnta.
Ag an am sin, bhí lochtanna móra ar rochtain ar na hoileáin agus bhí na seirbhísí sláinte agus seirbhísí bunriachtanacha eile go hiomlán míshásúil.
Mar gheall ar easpa cistí agus na deacrachtaí a bhaineann go nádúrtha le heagraíocht dheonach de mhuintir na n-oileán a reáchtáil gan aon tacaíocht riaracháin, stop Comhdháil ag feidhmiú tar éis cúpla bliain.
Sa bhliain 1993, athbhunaíodh Comhdháil Oileáin na hÉireann agus rinneadh comharchumann de i 1994. D’éirigh le Comhdháil aitheantas a fháil mar chuideachta Leader II, a dheonaigh £1.3m ar dtús báire, agus leis sin bhí Comhdháil in ann oifig a oscailt (in Inis Oírr, an t-oileán is lú d’Oileáin Árann) agus foireann lánaimseartha a fhostú.
Sa bhliain 1998, d’éirigh le Comhdháil maoiniú a fháil faoin gclár Eorpach Deiseanna Nua do Mhná agus bhí 106 bean ó 16 oileán páirteach i gclár dhá bhliain.
I láthair na huaire, riarann Comhdháil an Clár Náisiúnta Forbartha Tuaithe (CNFT) do na hoileáin agus leithdháileadh €1.845m uirthi don tréimhse 2002-2006.
Is comhalta bunaidh í Comhdháil de Líonra Oileáin Bheaga na hEorpa, (ESIN) bunaithe i 2001. I láthair na huaire, is sinne an comhpháirtí ceannais i dtionscadal idir-réigiúnach ESIN, atá maoinithe ag Interreg 111c.
Sa bhliain 2005, d’éirigh le Comhdháil maoiniú a fháil ón Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta chun Bainisteoir a fhostú a bheadh ag obair go neamhspleách ar an CNFT agus ar chláir eile agus a d’fhorbródh polasaí go náisiúnta do Chomhdháil. Tá an post seo maoinithe ar dtús go dtí deireadh 2007.
