Struchtúr

Tá Comhaltas i gComhdháil oscailte do Chomharchumainn nó Comhlachais Forbartha, nó do dhaoine aonair atá ina n-ionadaithe ar a bpobal, ar aon oileán amach ó chósta na hÉireann atá gan ceangal buan bóthair leis an mórthír, agus ar féidir leo a léiriú chun sástachta Choiste Ghnó Chomhdháil go bhfuil pobal cónaitheach buan ann.

Tá comhaltas comhlach oscailte d’oileáin amach ón gcósta nach bhfuil pobail chónaitheacha bhuana iontu ach atá ag obair chun pobail chónaitheacha a athbhunú ar an oileán.

Déanann Coiste Gnó, atá comhdhéanta d’Oifigigh an chomhlachais agus comhaltaí tofa eile, bainistiú ar ghnóthaí Chomhdháil.

Is mar seo a leanas a dhéantar Comhaltaí an Bhoird a thoghadh:

Ionadaí amháin ó gach ball-oileán ag a bhful daonra buan de 50 ar a laghad; ionadaí amháin ó aon ghrúpa oileán beag ag a bhfuil comhdhaonra buan de 50 ar a laghad; ionadaí amháin eile ó na hoileáin bheaga nach bhfuil ionadaíocht ar shlí eile acu; agus Ionadaí na mBan.

Bíonn ionadaí ó gach ceann de na heagraíochtaí reachtúla seo a leanas ar an Coiste Gnó freisin:

FÁS, Údarás na Gaeltachta, An Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta agus ionadaí ó na Boird Forbartha Contae.