Obair Eorpach

Is comhalta bunaidh í Comhdháil de Líonra Oileáin Bheaga na hEorpa, (ESIN). Bunaithe i 2001, cuireann ESIN comhoibriú idir oileáin bheaga na hEorpa chun cinn agus bíonn sé ag féachaint le pobail bhuana a chothú.

I láthair na huaire, is sinne an comhpháirtí ceannais i dtionscadal idir-réigiúnach ESIN, atá maoinithe ag Interreg 111c. Tríd an tionscadal seo, táimid ag fáil samplaí de dhea-chleachtas i sé bhall-tír a bheidh mar fhaisnéis dár n-ionchur i bpolasaí ag leibhéal náisiúnta agus ag leibhéal Eorpach.

Is iad comhaltaí an líonra faoi láthair ná Éire, Albain, An Fhrainc, An Danmhairg, An tSualainn agus an Fhionlainn.

Le tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le Máire Uí Mhaoláin, Bainisteoir, Interreg IIIc maire@oileain.ie 099 75096

ESIN

Interreg IIIc

Stars