Obair Náisiúnta

Polasaithe

Is é is mó is cás leis na pobail inár mball-oileáin ná an meath sa daonra.Caithfear obair a dhéanamh ar roinnt bealaí chun an treocht sin a stopadh nó go deimhin a chúlú.  

  • Feabhsúcháin ar rochtain
  • Fostaíocht tharraingteach, inbhuanaithe
  • Tithíocht shásúil, chuí
  • Tacaíocht d’fhiontair nua, inbhuanaithe

Tá feabhas an-mhór tagtha ar rochtain chuig na hoileáin agus uathu le deich mbliana anuas nó mar sin agus tá an Roinn diongbháilte ar na céanna ar go leor de na hoileáin a uasghrádú agus aerstráicí a chur ar fáil ar Inis Bó Finne i nGaillimh agus ar Thoraigh i nDún na nGall.

Chun cónaí ar oileán a dhéanamh níos tarraingtí, caithfimid a chinntiú freisin go gcuirtear seirbhísí leordhóthanacha sláinte, oideachais, bainistíochta dramhaíola, cúraim leanaí agus sóisialacha ar fáil. 

Turasóireacht

Is cuid thábhachtach den gheilleagar ar fhormhór na n-oileán í an Turasóireacht agus chun borradh a chur faoin turasóireacht chuig na hoileáin, seolfaidh an tAire Ó Cuív feachtas nua margaíochta turasóireachta, Oileáin na hÉireann ar an 28 Meitheamh 2006.

Feachtas Nua Turasóireachta >>

Fuinneamh In-athnuaite

Is saincheist é fuinneamh in-athnuaite a sholáthar a bhfuil níos mó tábhachta agus práinne ag baint leis, go háirithe do na hoileáin. Tá Comhdháil, i gcomhpháirtíocht leis an Roinn agus le Fuinneamh Inmharthana Éireann, tiomanta forbairt tionscadail fuinnimh in-athnuaite ar na hoileáin a spreagadh agus tacú leo. I láthair na huaire táimid ag tabhairt faoi thionscadal idir-réigiúnach atá dírithe ar oiliúint a chur ar mhuintir na n-oileán faoin tslí le fuinneamh in-athnuaite a chaomhnú agus a ghiniúint.

Fuinneamh In-athnuaite ar na hOileáin >>

Áitiúil -Náisiúnta -Eorpach

Tá an t-ádh orainn go gcuireann na cláir mhaoinithe a riaraimid agus a bhainistímid ar ár gcumas polasaithe a chur i bhfeidhm trí thacaíocht a thabhairt, mar shampla, do thionscadail turasóireachta nó do thionscadail fuinnimh in-athnuaite ag an leibhéal áitiúil, náisiúnta gus trasnáisiúnta. Tá tionscadal Interreg, a bhfuilimid inár gcomhpháirtí ceannais ann, ag leagan síos samplaí de dhea-chleachtas ar oileáin bheaga Eorpacha a bheidh mar fhaisnéis do pholasaithe Chomhdháil.

Táimid ag tabhairt tosaíochta faoi láthair do shaincheisteanan polasaí eile a dtabharfar fúthu sna blianta beaga seo amach romhainn.

Tuilleadh Eolais: Majella Ní Chríocháin, Bainisteoir majella@oileain.ie 087 977 6852

 

Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs