Fuinneamh Inathnuaite ar na hOileáin

Ó tharla go bhfuil Éire ag brath ar bhreoslaí allmhairithe i gcomhair 90% dá riachtanais fuinnimh, go bhfuil srianta ag baint le comhaontú Kyoto maidir le hastacháin Gháis Cheaptha Teasa (GCT)  a chomhlíonadh agus ar ndóigh go bhfuil praghas na hola go síoraí ag ardú, tá an rialtas agus daoine príobháideacha araon ag tabhairt faoi fhoinsí inathnuaite fuinnimh.  

Os rud é gur oileán í Éirinn is goiliúnaí fós sinn ó thaobh fadhbanna le soláthairtí ola agus breoslaí iontaise eile, fadhbanna ba léir do dhaoine atá ina gcónaí ar na hoileáin amach ón gcósta leis na déaga agus na scórtha de bhlianta. Go deimhin, chomh fada siar le 1947, bhí teachtaí sa Dáil ag caint ar ghanntan móna in Árainn agus an ghá a bhí le soláthairtí breise a chur isteach chun na n-oileán.San fhómhar seo caite, fágadh muintir Inis Mór a raibh carranna peitril acu ar an trá fholaimh mar gur dúnadh an t-aon stáisiún peitril ar an oileán mar nach bhféadfadh an t-úinéir leanúint go hinmhartha don ghnó.

Ceannródaithe i gCléire 

Ba iad na géarchéimeanna ola sna 1970idí agus i dtús na 1980idí a thug ar mhuintir Chléir i gCorcaigh fiosrú a dhéanamh faoina bhféadfadh siad a gcuid fuinnimh féin a ghiniúint, ag baint úsáide as acmhainn a bhí ar fáil go flúirseach – an ghaoth. I 1986 cuireadh tús le córas a bheadh ar an gcéad chóras lánpháirtithe dá leithéid san Eoraip, nuair a thosaigh an pobal ag baint úsáide as muilte gaoithe chun fuinneamh a ghiniúint, ceallraí chun é a stóráil agus gineadóirí díosail mar chúl taca. Sholáthair an córas suas le seachtú faoin gcéad de riachtanais leictreachais an oileáin ar feadh deich mbliana. Bhíothas ag súil go nglacfadh an BSL rith an chórais ar láimh faoi dheireadh ach mar is cuimhin le Micheál John Ó Céadagáin, ní raibh aon suim acu ann mar go raibh sé róbheag le go mbeadh sé inmharthana go tráchtálach. In ainneoin gur léirigh muintir Chléire go raibh sé inmharthana, ó thaobh freastal ar a gcuid riachtanas fuinnimh féin, ‘bhí an doras iata ó thaobh chumhacht na gaoithe de – bhíomar fágtha asainn féinig.’

Bhí na tuirbíní sách simplí a bhí in úsáid caite tar éis deich mbliana  agus nuair a ceanglaíodh an t-oileán leis an mórthír i 1997, d’imigh an phráinn a bhain le córas malartach agus tháinig saghas meath ar an gcumhacht a ghiniúint go háitiúil. Cé gur fada na muilte gaoithe bainte as úsáid, lean muintir an oileáin áfach de bheith ag iniúchadh bealaí eile chun fuinneamh a ghiniúint agus i gcomhpháirtíocht le Comhairle Chontae Chorcaí cuireadh grianphainéil i bhfearas sa scoil áitiúil.  Is grianphainéil freisin a thugann cumhacht do na soilse poiblí ar an sleamhnán. Is é an rud a bhfuil suim ag Micheál John anois ann ná féachaint ar féidir leis an oileán a bheith féindhóthanach trí chumhacht gaoithe, gréine agus tonnta a lánpháirtiú.  

Gaoth agus Uisce in Inis Meáin

Ba é an ganntan fíoruisce samhradh amháin i ndeireadh na 1990idí, nuair nach raibh uisce ar fáil ach ar feadh dhá uair an chloig ar an Máirt agus dhá uair an chloig ar an Déardaoin, a chuir faoi deara do mhuintir Inis Meáin breathnú ar bhealaí eile chun fuinneamh a ghiniúint.  Áit a bhfuil bunchloch charst, faoi shraith tanaí ithreach agus gainimh, is beag fíoruisce a bhíonn in Inis Meáin agus nuair a bhíonn dúbailt nó níos mó ar an daonra i rith an tsamhraidh, is fadhb mhór a bhí ann fíoruisce a fháil le hól agus i gcomhair níocháin.  

Chinn Pól Ó Foighil, an bainisteoir a bhí an uair sin ar an gcomharchumann áitiúil, ó tharla go raibh muintir an oileáin mórthimpeallaithe ag uisce gur chóir go bhfaigheadh siad bealach chun an salann a bhaint as uisce sáile agus an t-uisce díshaillte sin a úsáid sna tithe. Ba í an deacracht, áfach, go raibh an próiseas, lena mbaineann uisce sáile a théamh go dtí 70 céim ceinteagrádach, an-chostasach ó thaobh fuinnimh de.  As sin cinneadh cumhacht gaoithe a thabhairt isteach chuig an oileán a sholáthródh an chumhacht don fhearas díshaillte agus ní amháin sin ach go nginfeadh sé fuinneamh breise a d’fhéadfaí a dhíol tríd an ngréasán náisiúnta, agus ar an tslí sin ag cruthú ioncam chun costais chaipitil an chórais a aisíoc agus chun a chothabháil a chlúdach.  

Cé go raibh daoine ann a chur in aghaidh na muilte gaoithe a shuiteáil, ar an gcúis go scriosfadh siad áilleacht nádúrtha an oileáin, bhí dearcadh eile ar fad ag daoine eile, an file áitiúil Dara Beag Ó Flatharta ina measc.Cuireann Dara an trí thuirbín, atá ar thaobh theas an oileáin, i gcosúlacht le ‘cleití i hataí na mban ag rásaí na Gaillimhe.’

Is cuimhin le Seáinín Ó Fátharta, a mhaoirsíonn oibriú agus cothabháil na muilte gaoithe agus an chórais díshaillte, an torann a bhí ag na gineadóirí leictreachais san am a caitheadh agus an deatach salach a bhíodh ag teacht astu agus measann sé go bhfuil na tuirbíní ciúin agus glan i gcomparáid leo.

Giolcach Eilifinte ar an Oileán Mór

Tá Jack O’Sullivan agus a chomhghleacaithe ar an bhfeirm cluas mhara ar an Oileán Bhéara ag fiosrú faoi láthair an féidir cineál de ghiolcach eilifinte ar a dtugtar miscanthus a chur ag fás, a bhaint agus a dhó chun a mbillí teasa a laghdú.  Beathaíonn an chluas mhara ar fheamainn, a bhailítear le linn rabharta uair sa choicís.  Tá imní, áfach, faoin gcontúirt a bhaineann le féachaint le feamainn a bhaint i ndroch-aimsir. Is é an réiteach ná í a thriomú nuair a bhíonn sí flúirseach agus í a stóráil le haghaidh beathú. D’fhéadfaí an costas ard a bhaineann le feamainn a thriomú a chlúdach trí theas agus uisce te a ghiniúint tríd an ngiolcach a dhó.  

Fásann an giolcach hibrideach, gan aon leasú, ar feadh fiche trí bliain gan gá ar bith lena athchur.Fásann sé go dtí airde d’idir deich dtroigh agus dhá throigh déag, baintear uair go bliantúil san Earrach é agus tugann sé suas le hocht dtonna san acra uaidh. D’íocfaí €300 an acra le feirmeoirí agus cháileodh siad freisin d’íocaíochtaí orgánacha REPS. Maireann an giolcach ar CO2 agus dá bhrí sin tá sé neodrach ó thaobh GCT de. Thabharfadh an fuinneadh a ghinfí le dó na giolcaí dóthain uisce te uaidh chun tithe in aice láimhe a théamh agus d’fhéadfaí an leictreachas a ghinfí a chothú ar ais sa ghréasán náisiúnta ag praghas ráthaithe de 7.2 cent an KWh.  D’fhéadfaí an leictreachas a cheannach ar ais ansin ag thart ar 6 cent an KWh, faoi scéim a bheadh dírithe ar fhuinneamh glas a ghiniúint.

Ní amháin go sábhálfadh an córas airgead do na feirmeoirí éisc agus do na háititheoirí araon, ach thabharfadh sé ioncam freisin do na feirmeoirí ó thaobh barr inbhuanaithe a tháirgeadh agus chuirfeadh sé táirgeadh fuinnimh atá neodrach ó thaobh GCT de.Teastaíonn báisteach ón ngiolcadh, de bhunadh na hÁise, le go mairfidh sé. Sin acmhainn atá go rábach sna hoileáin!

Grianphainéil in Inis Oírr

Molann Eugene Houlihan agus a chomhghleacaithe i gComhar Chaomhnán in Inis Oírr gur dócha go mbeadh meascán de ghrianphainéil agus de dhóirí millíní adhmaid ar an rogha is fearr don úsáideoir tí atá ag iarraidh gearradh siar ar bhillí breosla gan aon athruithe móra struchtúrtha a dhéanamh ar an teach ná ar a gcóras téimh. Tar éis seimineáir ar fhuinneamh malartach a bhí eagraithe ag tionscadal Interreg Líonra Oileáin Bheaga na hEorpa (ESIN) ar oileán Gigha na hAlban anuraidh, d’fhill Eugene ar Inis Oírr agus é diongbháilte tús a chur ar bhonn píolótach le tionscadail fuinnimh don ghnáthúinéir tí.

Tar éis míonna taighde, chuaigh sé féin agus a chomhghleacaithe chun cainte le hÉamon Ó Cuív, An tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta le tionscadal grianphainéil agus dóirí adhmaid a shuiteáil sna tithe atá ar an oileán. Comhaontaíodh ar deireadh go ndéanfadh an Roinn páirtmhaoiniú ar staidéar féidearthachta lena suiteálfaí grianphainéil i dteach amháin agus dóire millíní adhmaid i dteach eile, ionas go bhféadfaí a bhfeidhmíocht faoi seach a fhaire agus a mheas. Táthar ag súil, má éiríonn leis an dtionscadal píolótach seo, go bhféadar a áiteamh ar an Roinn gach teach ar an oileán a spreagadh le tabhairt faoi fhoinsí malartacha fuinnimh trí thacú le cuid den chostas suiteála a chlúdach.   D’fhógair an tAire Airgeadais, Brian Cowen, le gairid freisin go bhfuil isteach agus amach le €30m le leithdháileadh do dheontais de 35% i dtreo chostas caidéal teasa baile, grianphainéal, soirn bithmhaise agus coirí. 

Tionscadail Phíolótacha ar na hOileáin 

Ba ag an seimineár céanna in Albain a spreagadh Aodhán Mac Cormaic ó Rannóg Oileán na Roinne le bealaí a iniúchadh ina bhféadfadh stát na hÉireann giniúint foinsí inathnuaite fuinnimh ar na hoileáin a ghríosú. Tar éis seimineár a d’eagraigh sé féin agus a chomhghleacaithe i mí Feabhra ag a ndearna Fuinneamh Inmharthana Éireann (FIÉ), i measc dreamanna eile, cur i láthair, tá geallta ag an Roinn go n-oibreoidh sí le FIÉ agus le comharchumainn oileáin agus le cuideachtaí forbartha chun tionscadail fuinnimh inathnuaite a chur ar bun ar bhonn píolótach. Mar a deir Micheál Ó Céadagáin ó Chléire, ‘Tá na hoileáin an-oiriúnach chun píolótú a dhéanamh ar an an gcineál seo tionscadal mar gur féidir iad a scoitheadh go héasca ón ngréasán náisiúnta. Is féidir monatóireacht a dhéanamh go héasca dá bhrí sin ar ghiniúint agus ar úsáid.’

Do mhuintir na n-oileán a bhfuil spéis acu i gcaomhnú fuinnimh agus i bhfuinneamh inathnuaite, tá Comhdháil i láthair na huaire i mbun tionscadal oiliúna trasnáisiúnta a phleanáil.   Beidh ionadaithe ó na ceithre réigiún ag freastal ar sheimineáir oiliúna sa Danmhairg, in Albain agus i Loch Garman i dtús an tSamhraidh agus eagrófar seisiúin oiliúna go réigiúnach san Fhómhar do dhaoine a bhfuil spéis acu breathnú isteach in úsáid a bhaint as fuinneamh malartach ina bpobal féin nó go deimhin sa bhaile. Más mian leat tuilleadh eolais faoin tionscadal seo, déan teagmháil le do thoil le Mairéad O’Reilly ag 099 75096 mairead@oileain.ie nó Séamus Ó Cnáimhsí ag 07495 21593 seamus@oileain.ie.

Buíochas le Michéal Ó Céadagáin, Jack O’Sullivan, Eugene Houlihan, Seáinín Ó Fátharta, Brídín Ní Choncheannain agus Aodhán Mac Cormaic.